2 Chum Timóteuis 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin, အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 Noċ do ṡáor sinn, agus do ġoir sinn maille ré gairm náoṁṫa, ní réir ar noibriġṫeaḋ, ahd réir a ċinniḋ féin agus a ġrás, noċ do tugaḋ ḋúinn a Niósa Críosd roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁuin; အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Le linn na h‐uaire céadna sin do líonaḋ é de ġáirdeaċas mór tríd an Spiorad Naoṁ, agus aduḃairt sé, Do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe sin ar Luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do leanḃaiḃ iad: do‐rinnis é, a Aṫair; óir ba é do ṫoil féin é.
An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.