Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Uime sin ná bíoḋ aḋnáire ort fá ḟíaḋnuise ar Dtíġearna, ná am ṫimċiollsa priosúnaċ ar a ṡon: aċd bíoḋ do ċuid agad do ḃuáiḋirt an tsoisgéil do réir ċúṁaċd Dé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 1:8
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


Agus an té do ċonnaic é, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ; agus atá a ḟiaḋnaise fíor: agus atá a ḟios aige gur fíor a n‐abrann sé, ċum go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ċóṁ maiṫ.


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.


fá mar tá scríoḃṫa, Féaċ, cuirim i Síon ceap tuisliḋ agus carraig scannail, Agus cibé ċreideas ann, ní náireoċar é.


do réir mar daingniġeaḋ fiaḋnaise Ċríost ionnaiḃ;


le gráḋ gan ceilg, i mbriaṫar na fírinne, i gcuṁaċt Dé; le h‐armaiḃ fíréantaċta i gcóṁair na láiṁe deise agus clé,


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,


óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.


ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás;


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


siḃ daingniġṫe le gaċ neart tré ċuṁaċt a ġlóire, nó go raiḃ siḃ lán‐ḟoiḋneaċ, fad‐ḟulaingeaċ le h‐áṫas;


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


Óir nuair ḃíomar ’n‐ḃur ḃfoċair, d’inniseamar roiṁ ré ḋaoiḃ go ḃfuil anró le fulang againn; rud ṫáinig ċum críċe, mar is eol daoiḃ féin.


ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin.


aċt atá foillsiġṫe anois tré ṫaisbeánaḋ ár Slánuiġṫeora Íosa Críost, do ċuir an bás ar ceal, agus ṫug an ḃeaṫa agus an do‐ṁarḃṫaċt ċum solais tríd an soiscéal,


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


Fulaing cruaḋtan, mar ḋéanfaḋ saiġdiúir maiṫ Íosa Críost.


Cuiṁniġ ar Íosa Críost, de ṗór Ḋáiḃí, d’aiséiriġ ó na marḃaiḃ do réir mo ṡoiscéil‐se:


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


an té do rinne fiaḋnaise ar gaċ a ḃfaca sé i dtaoḃ briaṫair Dé, agus i dtaoḃ fiaḋnaise Íosa Críost.


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ