Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ḃeirim buiḋeaċas ré Día, da ndéanuim seirḃís ag leanṁuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá ċuiṁne ḃeiṫ agam ortsa do ġnaṫ am úrnuiġiḃ do ló agus doiḋċe;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 1:3
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.


Atá aiṫne ag na h‐Iúdaċaiḃ ar an saoġal do ċaiṫeas óm’ óige, gur i lár mo ċiniḋ féin ó ṫosaċ, agus i nIarúsalem, do ċaiṫeas é.


Óir do ṡeas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirḃís,


Adeirim an ḟírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo ċoinsias ag déanaṁ fiaḋnaise ḋom tríd an Spiorad Naoṁ,


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir.


ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ;


ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.


ag coiṁeád an ċreidiṁ agus consiais ṁaiṫ; rud atá tréigṫe ag daoiniḃ áiriṫe go ḃfuil long‐ḃriseaḋ déanta de’n ċreideaṁ aca.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló.


ag cuiṁneaṁ ḋom ar an gcreideaṁ gan cluain atá ionnat, creideaṁ do ḃí ar dtús id’ ṡean‐ṁáṫair Lóis, agus id’ ṁáṫair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte ḋe, ionnat‐sa, leis.


agus ó ḃís id’ leanḃ go raiḃ eolas agat ar na naoiṁ‐scrioptúiriḃ ḟéadas ṫú do ḋéanaṁ eolgaċ ċum slánuiġṫe tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Atá Íosa Críost gan aṫrú indé, indiu agus go síorraiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ