Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 9:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus is féidir le Dia ḃur líonaḋ de’n uile ġrás; ċum, ar mbeiṫ ḃur sáiṫ de gaċ niḋ i gcóṁnaiḋe agaiḃ, go mbéiḋ acfuinn ċum gaċ deaġ‐ġnó agaiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus as cumusaċ Día ar siḃse do líonaḋ do na huile ġrásaiḃ; ionnas ar ḃfaġáil ḃur sáiṫ ḋaóiḃ a gcoṁnuiḋe do na huile neiṫiḃ, go líonfaḋ siḃ ċum gaċ uile ḋeaġoibre:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 9:8
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


ó tá siḃ ag iarraiḋ a ċruṫú gur ab é Críost atá ag laḃairt ionnam; an té naċ ḃfuil lag ’n‐ḃur dtaoḃ, aċt atá cuṁaċtaċ ’n‐ḃur measc.


agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt gur ṫoġ na h‐eaglaisí é ċum ḃeiṫ mar ċomráda bóṫair againn i dtaoḃ an ġrása so atá d’á ḟrioṫáileaṁ againn ċum glóire an Tiġearna, agus ċum ár ndeaġ‐ṫoil do ċur i n‐uṁail:


cionnas mar ṁéaduiġ fairsinge a ḃféile de ḃárr líonṁaireaċta a n‐áṫais agus a mboċtaine móire, agus iad fá ḃuaiḋreaṁ an‐ṁór.


Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis.


ar mbeiṫ ḋaoiḃ saiḋḃir ar gaċ sliġe ċum gaċ féile, go dtagann mór‐ḃuiḋeaċas do Ḋia trínne as.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn,


Ní h‐é go ḃfuilim ag laḃairt mar ḃéinn fá easbaiḋ: óir d’ḟoġlaimeas cionnas fanaṁain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.


Uime sin, má ċoiṁeádann duine é féin slán uaṫa so, béiḋ sé ’n‐a ṡoiṫeaċ ċum onóra, soiṫeaċ beannuiġṫe, usáideaċ do’n té gur leis é, fóġanta ċum gaċ deaġ‐ġnó.


ċum go mbéiḋ an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aġaiḋ gaċ deaġ‐ġníṁ.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Do réir mar fuair gaċ duine bronntanas, roinniḋ ar a ċéile é, mar ḋéanfaḋ deaġ‐ṁaoir grása iomadaṁla Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ