Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 9:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Oír atá fios ullṁaċda ḃur ninntinne agum, as a ndéanuim mórḋáil asuiḃse ris na Macedónaċaiḃ, ag ráḋ, Go ḃfuil blíaḋuin ó ḃí Aċaía ullaṁ; ionnas gur ḃrosduiġ ḃur niomṫnúṫsa morán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 9:2
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é,


Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Óir má rinneas maoiḋṁeaċas ar biṫ ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa leis, níor náiriġeaḋ mé; aċt fá mar laḃramar i gcóṁnaiḋe liḃ do réir na fírinne, an maoiḋṁeaċas do‐rinneamar ós cóṁair Ṫítuis, fríṫ é ḃeiṫ fírinneaċ.


Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair.


Is é an tuairim atá agam san gcás so, gur ceart daoiḃ‐se ba ṫúisce do ṫosnuiġ, atá bliaḋain ó ṡoin, ní h‐é aṁáin ar rud do ḋéanaṁ, aċt ar ḃeiṫ toilteanaċ ċuige, leis.


Uime sin cuiriḋ críoċ ar a ḋéanaṁ, leis, ċum go mbéiḋ críoċ iomlán air do réir ḃur n‐acfuinne, fá mar tá siḃ toilteanaċ ċuige.


agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt gur ṫoġ na h‐eaglaisí é ċum ḃeiṫ mar ċomráda bóṫair againn i dtaoḃ an ġrása so atá d’á ḟrioṫáileaṁ againn ċum glóire an Tiġearna, agus ċum ár ndeaġ‐ṫoil do ċur i n‐uṁail:


Taḃraiḋ ḋóiḃ, mar sin, dearḃaḋ ḃur ngráḋa i ḃfiaḋnaise na n‐eaglais, agus dearḃaḋ an ṁaoiḋṁeaċais do‐ġnímíd asaiḃ.


Ní abraim é seo ċum órdú do ṫaḃairt aċt mar ḋúil is go ḃféaċfainn an ḃfuil siḃ dá ríriḃ ’n‐ḃur ngráḋ tré ḋúṫraċt na ndaoine eile.


ionnas go raḃaḃar ’n‐ḃur n‐eisiompláir do luċt an ċreidiṁ san Maiceadóin agus i nAċáia.


agus taḃraimís aire d’á ċéile, ag spreagaḋ a ċéile ċum gráḋa agus ċum deaġ‐ġníoṁarṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ