Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 8:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 8:9
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


D’á ḃriġ sin, muna raḃaḃar dílis i saiḋḃreas na ceilge, cia ċuirfeas fá n‐ḃúr gcúram an saiḋḃreas fírinneaċ?


Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta.


agus Ióhanna bean Ċúsa, feaḋmannaċ loruaiṫ, agus Súsanna, agus mórán eile díoḃ‐san do ḃí ag frioṫáileaṁ air as a ngustal féin.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá pluaiseaċa ag na sionnaċaiḃ, agus atá neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aeir; aċt ní ḟuil áit ag Mac an Duine ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Do ḃí sé ar an saoġal, agus is tríd do‐rinneaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Ní ar mo ṡon‐sa ṫáinig an guṫ sin, aċt ar ḃúr son‐sa.


Gaċ a ḃfuil ag an Aṫair, is liom‐sa é: d’á ḃriġ sin aduḃairt mé go nglacann sé dem’ ċuid‐se, agus go noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.


Agus is ar a son‐san ċoisreacaim mé féin, ċum go mbéidís féin coisreacṫa san ḃfírinne.


Agus má’s saiḋḃreas do’n tsaoġal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saiḋḃreas na gCineaḋaċ a laġdú‐san, naċ móide go mór é a dteaċt i gcríċ?


Óir níorḃ é a aoiḃneas féin do loirg Críost; aċt do réir mar tá scríoḃṫa, Maslaḋ an dreama do ṁasluiġ ṫusa, is orm‐sa do luiġ sé.


Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.


An té nár spáráil a Ṁac féin, aċt ṫug suas ar son an uile ḋuine againn é, naċ mbronnfaiḋ sé gaċ uile niḋ orainn i n‐éinḟeaċt leis?


Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost;


Ó’n talaṁ do’n ċéad duine, talṁaiḋe: ó neaṁ do’n dara duine.


Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ