Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 8:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Uime sin, aṁuil atá siḃ iomlán sna huile neiṫiḃ, a gcreideaṁ, agus a mbréiṫir, agus a néolas, agus fa nuile ḋúṫraċd, agus a ngráḋ dár dtaóiḃne, gur mar sin ḃías siḃ iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 8:7
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té fuair an dá ṫallainn, ṫáinig sé agus aduḃairt A ṫiġearna, ṫugais ḋá ṫallainn dom: féaċ atá ḋá ṫallainn eile gnóṫuiġṫe agam.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál;


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ.


Óir cia rinne duine ar leiṫ ḋíot‐sa? agus créad atá agat naċ ḃfuarais? agus má fuarais féin é, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ, aṁail agus naċ ḃfuarais é?


agus ní h‐é aṁáin de ḃárr a ṫeaċta‐san, aċt de ḃárr an tsóláis fuair sé uaiḃ‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaoḃ ḃur dtnúiṫ ṁóir, i dtaoḃ ḃur n‐éagcaoine, i dtaoḃ ḃur dteas‐ġráḋa ḋaṁ‐sa; ar ṁoḋ gur ṁóide go mór mo ġáirdeaċas d’á ḃárr.


Ar ṁoḋ gur spreagamar Títus, fá mar ṫosnuiġ sé ċeana air, go gcuirfeaḋ sé an grása so ċum críċe ionnaiḃ‐se, leis.


agus san urnaiġe ḋóiḃ ar ḃur son, leis, bíonn gráḋ aca ḋaoiḃ as uċt mór‐ġrása Dé atá ionnaiḃ.


Agus is féidir le Dia ḃur líonaḋ de’n uile ġrás; ċum, ar mbeiṫ ḃur sáiṫ de gaċ niḋ i gcóṁnaiḋe agaiḃ, go mbéiḋ acfuinn ċum gaċ deaġ‐ġnó agaiḃ:


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Uime sin, a ṁic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ