Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 8:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois, a ḃráiṫre, ba ṁaiṫ liom grása Dé tugaḋ i n‐eaglaisiḃ na Maiceadóine do ċur i n‐iúl daoiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Tuilleaḋ eile, a ḋearḃráiṫre, foillsiġeamaóid grás Dé ḋáoiḃ noċ tugaḋ deagluisiḃ na Macedónia;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 8:1
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té fuair an dá ṫallainn, ṫáinig sé agus aduḃairt A ṫiġearna, ṫugais ḋá ṫallainn dom: féaċ atá ḋá ṫallainn eile gnóṫuiġṫe agam.


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.


Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead.


Óir ní h‐é aṁáin go ḃfóireann miniostrálaċt an ċonganta so ar riaċtainisiḃ na naoṁ, aċt leanann mórán buiḋeaċais do Ḋia d’á ḃárr;


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


ar eagla, má ṫagann Maiceadónaiġ i n‐éinḟeaċt liom, agus go ḃfaiġiḋ siad siḃ gan ḃeiṫ ullaṁ, go náireoċaiḋe sinn (gan siḃ‐se do luaḋ) fá ṁéid na muiniġne seo.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


agus go deiṁin, is é sin an rud atá d’á ḋéanaṁ agaiḃ i dtaoḃ na mbráṫar uile atá san Maiceadóin ar fad. Aċt impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, dul ar aġaiḋ níos dúṫraċtaiġe ’ná ariaṁ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ