Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 7:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Óir, ar dteaċt san Maiceadóin dúinn, ní raiḃ suaiṁneas colna againn, aċt do ḃíomar go buaiḋearṫa ar gaċ leiṫ; bruiġeanta ar an taoḃ amuiġ, eagla ar an taoḃ istiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Oir, ar dteaċd dúinn go Macedónia, ní ḃfuáir ar ḃféoil suáiṁneas ar biṫ, aċd air buáiḋreaḋ air gaċ táoḃ; coṁraic don táoḃ a muiġ ḋínn, agus eagla don táoḃ a sdiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 7:5
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do ḃí deireaḋ leis an toirmeasc, do ċuir Pól fios ar na deisceablaiḃ, agus ṫug sé deaġ‐ċóṁairle ḋóiḃ, agus d’ḟág sé slán aca, agus d’imṫiġ sé le triall ar an Ṁaiceadóin.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá.


Aċt tiocfad ċugaiḃ tar a éis dom dul tríd an Ṁaiceaḋóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin;


toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin.


Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.


Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.


Atá siḃ ag cur eagla orm, gur féidir gur saoṫar gan éifeaċt atá déanta agam ar ḃur son.


D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ