Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 7:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 As mór an dánaċd laḃairt do ním oruiḃ, is mór mo ġáirdeaċas ar ḃur son: atáim lán do ṁeanma, is ró líonta mé do ġáirdeaċas ann ar nuile ḃuáiḋirt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 7:4
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid;


Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost;


aṁail mar ċuir siḃ a ḃeag nó a ṁór d’aiṫne orainn, gur sinne aḋḃar ḃur maoiḋṁeaċais, fá mar is siḃ‐se aḋḃar ár maoiḋṁeaċais i ló ár dTiġearna Íosa.


do‐ḃeir cóṁḟortaċt dúinn ’n‐ár n‐anró uile, ċum go mbéiḋ ar ċumas dúinn cóṁḟortaċt do ṫaḃairt do na daoiniḃ go mbíonn buaiḋirt ar biṫ orṫa, tríd an gcóṁḟortaċt le n‐a ḃfaiġmíd féin cóṁḟortaċt ó Ḋia.


Óir bíoḋ go ndéanfainn beagán maoiḋṁeaċais san mbreis as ár h‐uġdarás (ṫug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur leasuiġṫe, ní ċum siḃ do leagaḋ),


Laḃraim ’gam’ ċáineaḋ féin, aṁail mar ḃéimís ro‐lag. Aċt má tá aḋḃar dánaiḋeaċta ag duine ar biṫ (ag laḃairt go diṫ‐céilliḋe atáim) atáim‐se dána, leis.


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


Ó ṫárla a leiṫéid seo de ṁuiniġin ḃeiṫ againn, laḃraimíd as cainnt an‐dána,


Óir má rinneas maoiḋṁeaċas ar biṫ ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa leis, níor náiriġeaḋ mé; aċt fá mar laḃramar i gcóṁnaiḋe liḃ do réir na fírinne, an maoiḋṁeaċas do‐rinneamar ós cóṁair Ṫítuis, fríṫ é ḃeiṫ fírinneaċ.


Taḃraiḋ ḋóiḃ, mar sin, dearḃaḋ ḃur ngráḋa i ḃfiaḋnaise na n‐eaglais, agus dearḃaḋ an ṁaoiḋṁeaċais do‐ġnímíd asaiḃ.


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


do réir mar tá súil agus dóċas mór agam naċ gcurfar náire orm fá rud ar biṫ, aċt anois, mar ḃí ariaṁ, go nglóireoċar Críost im’ ċolainn le lán‐dearḃṫaċt, má’s lem’ ḃeaṫaiḋ, nó lem’ ḃás é.


agus ċum ḃur n‐áṫais san gcreideaṁ; ċum gur méadú meanman daoiḃ i nÍosa Críost mo ṫeaċt ’n‐ḃur láṫair arís.


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


Óir créad é ár ndóċas, nó ár n‐áṫas, nó coróin ár nglóire? Naċ siḃ‐se é i ḃfiaḋnaise ár dTiġearna Íosa, ag teaċt dó?


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


ionnas go ḃfuilmíd féin ag maoiḋeaṁ asaiḃ i n‐eaglaisiḃ Dé as uċt ḃur ḃfoiḋne agus as uċt ḃur gcreidiṁ i lár gaċ géirleanaṁna agus anró ḟulaingeas siḃ.


Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.


Ná measaiḋ aċt gur aḋḃar áṫais ar fad é, a ḃráiṫre,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ