Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 7:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ar an aḋḃar sin fuaramar sólás, aċt ba ṁóide ár sólás áṫas Ṫítuis, toisc go ḃfuair a spiorad breis meanma uaiḃ go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ar a naḋḃarsa, fúaramar cóṁḟúrtaċd do ḃríġ na furtaċda fúaraḃairse: aċd bá ró ṁó ná sin do ḃí gáirdeaċas oruinn fá ġáirdeaċas Ṫítuis, do ḃríġ gur meanmnuiġeaḋ a spiorad uáiḃse uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 7:13
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.


ċum go dtiocfad ċugaiḃ le h‐áṫas, de ḋeoin Dé, agus go ḃfaiġead suaiṁneas mar aon liḃ.


Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.


Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir.


Óir ṫugadar suaiṁneas spioraid daṁ‐sa agus daoiḃ‐se: bíoḋ meas agaiḃ ar a leiṫéidiḃ‐sean d’á ḃriġ sin.


toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin.


Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.


Óir má rinneas maoiḋṁeaċas ar biṫ ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa leis, níor náiriġeaḋ mé; aċt fá mar laḃramar i gcóṁnaiḋe liḃ do réir na fírinne, an maoiḋṁeaċas do‐rinneamar ós cóṁair Ṫítuis, fríṫ é ḃeiṫ fírinneaċ.


Agus is mó ’ná sin toil a ċroiḋe‐sean daoiḃ‐se, ag cuiṁneaṁ ḋó ar uṁlaiḋeaċt gaċ duine agaiḃ, mar d’ḟáiltiġ siḃ roiṁe le h‐eagla agus le crioṫnú.


Aċt Dia, do‐ḃeir sólás do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, ṫug sé sólás dúinn le teaċt Títuis;


Uime sin ba ṁóide mo ḋúṫraċt a ċur ċugaiḃ go mbéiḋ luṫġáir oraiḃ nuair ċífeas siḃ arís é, agus go mba luġade mo ḋoilġeas é.


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


Mar sin, a ḃráṫair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tiġearna: taḃair suaiṁneas dom i gCríost.


Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ