Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 7:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Mar féaċ, an niḋ céadna so, gur cuireaḋ doilġeas diaḋa oraiḃ‐se an dúṫraċt d’oibriġ sé ionnaiḃ, agus an leiṫscéalaḋ, agus an díombuaiḋ, agus an eagla, agus an tnúṫán, agus an díoġrais, agus an díolaiḋeaċt! Do ċruṫuiġ siḃ ḃeiṫ glan ar fad san gcás so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Oír féuċ a níse féin, doilġeas do ḃeiṫ oruiḃ do réir Dé, créd é méd na dúṫraċda do oibriġ sé ionnuiḃ, agus fós an leisgéil, agus fós an reaċd feirge, agus na heagla, agus fós an róṁíanġuis, agus fós, an teas gráḋa, agus fós, an dioġaltuis! Do ḟoillsiġeaḃair siḃ féin ar gaċ éunċor do ḃeiṫ glan sa naḋḃarsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 7:11
54 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.


Do ċuiṁniġ a ḋeisceabail ar a raiḃ scríoḃṫa, Sloigfiḋ díoġrais dod’ ṫiġ mé.


An ḟaid do ḃí Pól ag fanaṁain leo i gCaṫair na h‐Aiṫne, do ḃí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féaċain ar an gcaṫair agus í lán d’íoḋalaiḃ.


Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort:


Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó.


Aċt má noċtann ár n‐éagcóir fíréantaċt Dé, créad adéarfaimíd? An ḃfuil Dia éagcóraċ, ag éirġe ċum feirge ḋó? (ag laḃairt ar nós na ndaoine atáim).


ċum naċ mbéaḋ aon deaġailt san gcorp, aċt go dtiuḃraḋ na baill aon ċúram aṁáin d’á ċéile.


Aċt is é Dia do‐ḃeir breiṫeaṁnas ar na daoiniḃ atá amuiġ. Cuiriḋ amaċ as ḃur measc an cuirpṫeaċ úd.


Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.


Anois aṫċuinġim ar Ḋia naċ ndéanfaiḋ siḃ olc ar biṫ; ní h‐é ċum go measfaiḋe sinn ḃeiṫ ionṁolta, aċt le fonn go ndéanfaiḋ siḃ‐se an ċóir, agus go measfaiḋe sinne ḃeiṫ iondamanta.


Is leor do’n té úd an pionós fuair sé ó’n ḃfurṁór;


aċt cruṫaimís gur seirḃísiġ Dé sinn, i ḃfoiġid ṁóir,


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


agus ní h‐é aṁáin de ḃárr a ṫeaċta‐san, aċt de ḃárr an tsóláis fuair sé uaiḃ‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaoḃ ḃur dtnúiṫ ṁóir, i dtaoḃ ḃur n‐éagcaoine, i dtaoḃ ḃur dteas‐ġráḋa ḋaṁ‐sa; ar ṁoḋ gur ṁóide go mór mo ġáirdeaċas d’á ḃárr.


Anois atá áṫas orm, ní h‐é i dtaoḃ doilġeas do ċur oraiḃ, aċt de ċionn gur cuireaḋ doilġeas ċum aiṫriġe oraiḃ: óir is doilġeas diaḋa do cuireaḋ oraiḃ, ċum naċ ndéanfaiḋe aon doċar daoiḃ d’ár gcionn.


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


Má ḃíonn fearg oraiḃ, ná déanaiḋ peacaḋ; ná maireaḋ ḃur ḃfearg go luiġe gréine;


agus ná bíoḋ aon roinn agaiḃ le gnóṫaiḃ neaṁ‐ṫairḃeaċa an dorċadais, aċt ’n‐a ionad sin,


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana.


Aiṫḃear na daoine do‐ġní peacaḋ i ḃfiaḋnaise cáiċ, ċum eagla do ċur ar an gcuid eile.


Déan do ḋíċeall ċum ṫú féin do ṫaisbeáint mar ḟear ionṁolta i ḃfiaḋnaise Dé mar oibriḋe naċ gáḃaḋ ḋó ḃeiṫ fá náire, ag riaraḋ briaṫair Dé le díreaċas.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla:


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


saoraiḋ cuid eile, g‐á dtarrang as an teiniḋ; agus déanaiḋ trócaire ar ċuid eile le h‐eagla; ag taḃairt fuaṫa do’n éadaċ féin atá saluiġṫe leis an gcolainn.


An méid is ionṁain liom, do‐ḃeirim aċṁusán dóiḃ agus smaċtuiġim iad: bí‐se dúṫraċtaċ d’á ḃriġ sin, agus déan aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ