Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 7:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Oír an doilġeas ḃíos do réir Dé oibriġe sé aiṫriġe ċum slánaiġṫe naċ aiṫreaċ linn: aċd óibriġeann doilġeas an tsáoġáil bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 7:10
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ, séanfair‐se mé fá ṫrí. Agus d’imṫiġ sé amaċ, agus do ċaoi sé go géar, brónaċ.


Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.


Aċt d’ḟan an poibleacán ’n‐a ṡeasaṁ i ḃfad siar, agus ní ḋéanfaḋ sé fiú aṁáin a ṡúile d’árdú ċum neiṁe, aċt do ḃí sé ag bualaḋ a uċta, agus g‐á ráḋ, A Ḋia, déan trócaire orm‐sa, peacaċ.


Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


Anois atá áṫas orm, ní h‐é i dtaoḃ doilġeas do ċur oraiḃ, aċt de ċionn gur cuireaḋ doilġeas ċum aiṫriġe oraiḃ: óir is doilġeas diaḋa do cuireaḋ oraiḃ, ċum naċ ndéanfaiḋe aon doċar daoiḃ d’ár gcionn.


Óir atá a ḟios agaiḃ, nuair ba ṁian leis an ḃeannaċt d’ḟáġáil ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur diúltuiġeaḋ é (óir ní ḟuair sé faill ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ), giḋ gur iarr sé le deoraiḃ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ