Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 6:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 aċt mar ḋaoine fíora; mar ḋaoine naċ n‐aiṫniġtear, aċt aiṫniġtear ’n‐a aiṁḋeoin sin; mar ḋaoine atá ag saoṫrú an ḃáis, agus, féaċ, atáimíd beo; mar ḋaoine curtar fá smaċt, gan ḃeiṫ marḃṫa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Mar ḋruing naċ aiṫeantar, agus déġaiṫeanta; mar ag faġáil ḃáis, agus, féuċ, atámuid béo; mar smaċduiġṫe, agus gan a marḃaḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 6:9
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


Agus do‐ċí siḃ, agus do‐ċluin siḃ go ḃfuil a lán mór daoine iompuiġṫe ag an bPól so, ní h‐é aṁáin i nEiféis, aċt ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á ráḋ naċ déiṫe ar ċor ar biṫ na déiṫe do‐ġnítear le láṁaiḃ:


aċt do ḃí ceisteanna áiriṫe ḃaineas le ’n‐a gcreideaṁ féin aca ’n‐a aġaiḋ, agus i dtaoḃ Íosa éigin, fuair bás, go nduḃairt Pól go raiḃ sé beo.


Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.


Aċt nuair ḃeireas an Tiġearna breiṫeaṁnas orainn, bímíd d’ár smaċtú ċum naċ ndaorṫar sinn i n‐éinḟeaċt leis an saoġal.


Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá.


Óir saṁluiġtear dom go ndearna Dia sampla dínne abstail mar ḋream is úirísle ar biṫ, mar ḋaoine atá daorṫa ċum báis; óir atáimíd ’n‐ár sampla poibliḋe i ḃfiaḋnaise na n‐aingeal agus na ndaoine.


Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ