Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 6:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 i gcruaḋtan, i riaċtanas, i ngéiḃeann, i mbuilliḃ, i bpríosúnaiḃ, i n‐aċrannaiḃ, i ndian‐tsaoṫar, i ḃfaireaċán, i dtroscaiḋiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 A mbuilliḋiḃ, a bpriosúnuiḃ, a ndíbirt ó áit go háit, a sáoṫar, a ḃfaire, a dtroisgiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 6:5
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ċuir sé daoine uaiḋ, agus do ḃain sé an ceann d’Eoin sa bpríosún.


Óir do rug Ioruaṫ ar Eoin, agus do ċeangail sé é, agus do ċuir sé i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib a ḋearḃráṫair.


Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt an ḟir nua‐ṗósta ḃeiṫ duairc, fad agus ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair? aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a dtógfar uaṫa an fear nua‐ṗósta, agus annsin do‐ġéanaiḋ siad troscaḋ.


Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


Agus nuair do ḃí ag éirġe ar an gcallán go mór, d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín do na saiġdiúiriḃ dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a ċéile eadorṫa, agus a ṫógáil le neart uaṫa agus a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán.


Éistfead le n‐a ḃfuil le ráḋ agat, aduḃairt sé, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfas siad‐san go ḃfuil cúis aca ort: agus d’órduiġ sé a ċur fá ċoiṁéad i bpálás Ioruaiṫ.


Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.


Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


Agus ar feaḋ ḋá ḃliaḋan iomlán d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ’n‐a ṫiġ féin. Agus do ġlac sé ċuige gaċ duine do ṫagaḋ isteaċ ċuige,


agus rugadar ar na h‐abstalaiḃ, agus do ċuireadar san bpríosún poibliḋe iad.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnoċt, agus tugtar droċ‐íde orainn, agus ní ḟuil aon ċóṁnaiḋe ḃuan againn;


Ná h‐eitiġiḋ a ċéile, munab de ṫoil a ċéile é ar feaḋ tamaill, ċum go gcromfaiḋ siḃ ar urnaiġe, agus annsin tagaiḋ le ċéile arís, ar eagla go gcuirfeaḋ Sátan caṫú oraiḃ mar ġeall ar neaṁ‐ġeamnaiḋeaċt.


i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta.


do fróṁaḋ cuid eile aca le magaḋ agus le sciúrseaḋ, le cuiḃreaċaiḃ agus le príosún:


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur scaoileaḋ saor ár mbráṫair Timóteus; má ṫagann sé go luaṫ, ċifead mar aon leisean siḃ.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ