Óir ċóṁ fada is ḃímíd san bpailliún so bímíd ag osnaiġil, agus sinn fá ṫrom‐ualaċ; ní h‐é go mba ṁian linn ḃeiṫ gan clúdaċ, aċt ḃeiṫ clúduiġṫe, ċum go sluigfiḋe a ḃfuil so‐ṁarḃṫa leis an mbeaṫaiḋ.
(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).
cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.