Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 5:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Ar a naḋḃarsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núaḋ é: do imṫiġeadar na seinneiṫe ṫoruinn; feuċ, do rinneaḋ na huile neiṫe núaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 5:17
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Déanaiḋ an crann maiṫ agus a ṫoraḋ maiṫ; nó déanaiḋ an crann loḃṫa agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir ar a ṫoraḋ is eaḋ aiṫniġtear an crann.


Raċaiḋ spéir agus talam ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.


Aċt ní foláir fíon úr do ċur i mbuidéalaiḃ nua.


Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa.


Beannuiġiḋ do na daoiniḃ ḃaineas le teaġlaċ Narcissuis atá san Tiġearna.


Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost,


Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa.


Beannuiġiḋ d’Urbán, ár gcóṁ‐ṡaoṫraiḋe i gCríost, agus do Staċus, cara ionṁain liom.


Aċt anois atáimid saor ó’n dliġe, ar mbeiṫ marḃ dúinn do’n dliġe ag a mbíoḋ greim orainn; ar ṁoḋ, naċ do réir sean‐scríḃinne do‐ġnímíd seirḃís, aċt do réir spioraid úr‐nua.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Nuair do ḃíos im’ leanḃ, do laḃras nós leinḃ, do ṫuigeas mar ṫuigfeaḋ leanḃ, is ciall leinḃ do ḃí agam: aċt ar mbeiṫ im’ ḟear dom, do ḃíos réiḋ le neiṫiḃ leanḃaiḋe.


Is aiṫnid dom fear i gCríost, ceiṫre bliaḋna ó ṡoin (cia aca san ċolainn, ní ḟeádar; nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios); a leiṫéid sin d’ḟear do fuaduiġeaḋ suas ċóṁ fada leis an treas flaiṫeas.


Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois.


is é sin, go raiḃ Dia i gCríost ag réiḋteaċ an tsaoġail leis féin, gan cionnta na ndaoine do ċur ’n‐a leiṫ: agus ṫug sé ḋúinn briaṫar an réiḋtiġ.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


Beannuiġiḋ do gaċ naoṁ i nÍosa Críost. Na bráiṫre ata im’ ḟoċair, beannuiġeann siad daoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ