Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Oír atá gráḋ Ċríosd dar mbrosduġaḋ; ar na ḃreaṫnuġaḋ so ḋúinn, eaḋon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go ḃfúaradar uile bás:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 5:14
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Aċt do ċuireadar taṫant air, g‐á ráḋ, Fan againne: óir atá sé ’n‐a ṫráṫnóna, agus atá an lá caiṫte ċeana féin.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:


Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus atá a ḟios againn go ḃfuil breiṫeaṁnas Dé do réir na fírinne i n‐agaiḋ na ndaoine ċleaċtas neiṫe d’á leiṫéidiḃ.


Aċt ní mar a ċéile do’n tsaor‐ḃronntanas agus do’n ċionnta. Óir má’s de ḃárr cionnta duine aṁáin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ do ṁórán grása Dé agus an bronntanas tré ġrása duine aṁáin, is é sin Íosa Críost.


agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema.


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


Agus miniostrálaċt an ḃáis, atá greanta ’n‐a litreaċaiḃ ar ċloċaiḃ, má ṫáinig sí le glóir, i rioċt nárḃ ḟéidir le clannaiḃ Israel féaċaint go grinn ar ġnúis Ṁaoise, mar ġeall ar ġlóir a ġnúise: glóir do ḃí ag dul i n‐éag:


Óir má tá miniostrálaċt an damnuiġṫe glórṁar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálaċt na fíréantaċta glórṁar.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Óir d’éagaḃar, agus atá ḃur mbeaṫa foluiġṫe mar aon le Críost i nDia.


ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin.


Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ