Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 4:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Uime sin bí an bás ag oibriuġaḋ ionnuinne, agus an ḃeaṫa ionnuiḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 4:12
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


Agus is le fonn ċaiṫfead‐sa mo ċuid airgid, agus béiḋead dom’ ċaiṫeaṁ féin mar ṁaiṫe le n‐ḃur n‐anmannaiḃ. Dá ṁéid é mo ġráḋ ḋaoiḃ, an aṁlaiḋ an luġa‐de ḃur ngráḋ ḋaṁ‐sa é?


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


Óir sinne atá beo bímíd de ṡíor d’ár gcur ċum báis ar son Íosa, ċum go raiḃ beaṫa Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐ṁarḃṫa, leis.


Aċt ó’s é an t‐aon spiorad aṁáin atá againn, do réir mar tá scríoḃṫa, Do ċreideas, agus d’á ḃriġ sin do laḃras; creidimíd‐ne, leis;


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


toisc go ndeaċaiḋ sé i ngar do’n ḃás ar son gnó Ċríost, ag cur a anma i mbaoġal báis d’iarraiḋ a raiḃ i n‐easnaṁ ar ḃur seirḃís daṁ‐sa do ṡoláṫar.


Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ