Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 3:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus miniostrálaċt an ḃáis, atá greanta ’n‐a litreaċaiḃ ar ċloċaiḃ, má ṫáinig sí le glóir, i rioċt nárḃ ḟéidir le clannaiḃ Israel féaċaint go grinn ar ġnúis Ṁaoise, mar ġeall ar ġlóir a ġnúise: glóir do ḃí ag dul i n‐éag:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus má ḃí miniosdrálaċd an ḃáis, a litriḃ ar na ṫarruing a gcloċaiḃ, glórṁar, ionnas nar ḃfeidir ré clannuiḃ Isráel féuċáin go gér air aġaiḋ Ṁáoisi tre ḋeallruiġ a ġnúisi; noċ do cuireaḋ ar gcúl:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 3:7
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí súile a raiḃ san árdċóṁairle ag dearcaḋ go grinn air, agus do ċonnacadar a ġnúis mar ḃéaḋ gnúis aingil.


Óir is é Críost foirċeann na dliġe ċum an uile ḋuine ċreideas d’ḟíréanú.


mar oibriġeann an dliġe fearg; aċt an áit naċ ḃfuil dliġe ann, ní ḟuil briseaḋ dliġe ann.


mar sin is eaḋ déanfar fíréanaiġ d’á lán tré uṁlaċt duine aṁáin. Agus ṫáinig an dliġe isteaċ ’na ḋiaiḋ sin ċum go méadóċaiḋe an cionnṫa. Aċt san áit ’n‐ar ṁéaduiġ an peacaḋ, ba mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ an grása:


agus an aiṫne úd, do ḃí ann ċum beaṫa do ṫaḃairt, fríṫ gurḃ aḋḃar báis daṁ‐sa í:


Óir taiṫneann dliġe Dé liom im’ anam istiġ:


Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.


aċt nuair ṫiocfas foirḃṫeaċt i gcríċ, curfar deireaḋ leis an niḋ atá neaṁ‐iomlán.


mar is léir gur siḃ litir Ċríost do cuireaḋ fá n‐ár gcúram, litir do scríoḃaḋ, ní h‐é le duḃaċ, aċt le Spiorad Dé ḃí; ní h‐é ar ṫáiḃléadaiḃ cloiċe, aċt ar ṫáiḃléadaiḃ feola.


is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa.


cad ċuige naċ mbéaḋ glóir is mó ’ná sin ag miniostrálaċt an spioraid?


Óir an méid ċlaoiḋeas le h‐oibreaċaiḃ an dliġe atáid fá ṁallaċt: mar atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine naċ leanann do’n uile niḋ aṫá scríoḃṫa i leaḃar an dliġe, agus naċ gcuireann i ngníoṁ é.


An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt.


Óir ní ḟuil siḃ tagṫa ċum cnuic go ḃféadtar láṁ do ċur air, ná ċum teineaḋ lasánta, ná ċum duiḃe,


Óir do measaḋ gurḃ ḟiú eisean onóir san mbreis ar Ṁaois, san méid gur mó an onóir atá ag dul do’n té do ṫóg an teaċ ’ná do’n tiġ féin.


mar a raiḃ an túiseoir óir, agus áirc an ċonnarṫa fá n‐a ċlúdaċ óir ’n‐a raiḃ an soiṫeaċ óir ’n‐a mbíoḋ an manna, agus slat Aáróin as a dtáinig na baċlóga, agus cláir an ċonnarṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ