Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 3:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 3:18
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Aduḃairt Ésáias é sin, toisc go ḃfaca sé a ġlóir; agus do laḃair sé ’n‐a ṫaoḃ.


Agus an ġlóir ṫugais daṁ‐sa, ṫugas‐sa ḋóiḃ‐sean í; ionnas go mba aon iad, fá mar is aon sinne;


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


ċum go gcóiṁlionfaiḋe ar órduiġ an dliġe ionnainne, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an spioraid.


mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:


Óir ċímíd anois mar ḃéaḋ go doiléir i scaṫán; aċt ċífimíd éadan a ċéile an t‐am sin: anois atá aiṫne neaṁ‐ċruinn againn, aċt aiṫneoċad an t‐am sin fá mar aiṫniġtear mé féin.


Agus fá mar ḃíomar i gcosaṁlaċt an duine ṫalṁaiḋe, béiḋmíd i gcosaṁlaċt an duine neaṁḋa, leis.


Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é.


do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.


ní h‐é do réir gníoṁarṫa fíréanta do ḃí déanta againn, aċt do réir a ṫrócaire féin, do ṡlánuiġ sé sinn, tré ḃaisteaḋ na h‐aiṫ‐ġeineaṁna agus tré aṫnuaḋaḋ an Spioraid Naoiṁ;


Óir má éisteann aoinneaċ leis an mbriaṫar, gan gníoṁ do ḋéanaṁ d’á réir, atá sé cosṁail le duine ag aṁarc ar a ġnúis nádurṫa féin i scaṫán:


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ