Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 An ag tosnú arís ar ár molaḋ féin atáimíd? nó an ḃfuil gaḃaḋ againn le litreaċaiḃ molta ċugaiḃ nó uaiḃ, mar tá ag daoiniḃ áiriṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 An dtionnsgnamaóid a rís sinn féin do ṁolaḋ? nó an ḃfuil riaċdanus aguinn, mar atá ag druing áiriġe, re litreaċa molta ċugaiḃse, nó litreaċa molta uáiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 3:1
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ċeap sé imṫeaċt go h‐Aċáia, ṫug na bráiṫreaċa meisneaċ ḋó, agus do scríoḃadar ċum na ndeisceabal g‐á iarraiḋ orṫa a ġlacaḋ: agus nuair ṫáinig sé, ṫug sé congnaṁ mór dóiḃ‐sean do ċreid tré ġrása:


Cuirim fá ḃur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeoċan na h‐eaglaise i gCenċréa:


fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.


Agus nuair ṫiocfad, cuirfead na daoine ḃéas toġṫa agaiḃ le litreaċaiḃ ċum ḃur dtaḃartas do ḃreiṫ leo go hIarúsalem:


Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air.


Óir bíoḋ go ḃfuil deiċ míle oide i gCríost agaiḃ, ní ḟuil a lán aiṫreaċ agaiḃ: óir is mise do ġein i nÍosa Críost tríd an soiscéal siḃ.


Óir ní láṁaimíd sinn féin d’áireaṁ, nó do ċur i gcóiṁeas le daoine áiriṫe ḃíos g‐á molaḋ féin: aċt g‐á dtóṁas féin dóiḃ, agus g‐a gcur féin i gcóiṁeas le ċéile, atáid gan tuigsin.


Óir ní h‐é an té ṁolas é féin atá ionṁolta, aċt an té go molann an Tiġearna é.


Óir bíoḋ go ndéanfainn beagán maoiḋṁeaċais san mbreis as ár h‐uġdarás (ṫug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur leasuiġṫe, ní ċum siḃ do leagaḋ),


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


Ní ḟuilmíd g‐ár molaḋ féin arís daoiḃ, aċt atáimíd ag taḃairt faille ḋaoiḃ ḃeiṫ gár molaḋ, ċum go mbéiḋ freagra agaiḃ do’n dream do‐ġní bród do réir deallraiṁ, ní do réir croiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ