Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír as ċuige so fós do sgríoḃ mé, ċum go mbíaḋ fios dearḃṫa agum oraiḃse, an mbíaḋ siḃ úṁal sna huile neiṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 2:9
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus bímíd ullaṁ ċun díoġaltas d’imirt ar gaċ easuṁlaċt, ċóṁ luaṫ is ḃíos siḃ‐se ag uṁlú go h‐iomlán.


Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.


Óir is fá ḃuaiḋirt ṁóir agus fá ḋoilġeas croiḋe do scríoḃas ċugaiḃ le frasaiḃ deor, ní ċum doilġeas do ċur oraiḃ, aċt ċum go dtuigfeaḋ siḃ méid an ġráḋa atá agam daoiḃ.


Uime sin aṫċuinġim oraiḃ ḃur ngráḋ do ḋearḃaḋ ḋó.


cionnas mar ṁéaduiġ fairsinge a ḃféile de ḃárr líonṁaireaċta a n‐áṫais agus a mboċtaine móire, agus iad fá ḃuaiḋreaṁ an‐ṁór.


Taḃraiḋ ḋóiḃ, mar sin, dearḃaḋ ḃur ngráḋa i ḃfiaḋnaise na n‐eaglais, agus dearḃaḋ an ṁaoiḋṁeaċais do‐ġnímíd asaiḃ.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.


Toisc muiniġin ḃeiṫ agam as d’uṁlaċt is eaḋ atáim ag scríoḃaḋ ċugat, agus a ḟios agam go ndéanfair ṫar mar deirim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ