Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus as ċuige do sgríoḃ mé a ní so féin ċugaiḃ, deagla, ar dteaċd ḋaṁ, go ngéuḃaḋ doilġeas air muin doilġis mé fán muinntir, agár ċóir ḋaṁ gáirdeaċas do ḃeiṫ oram ḋá dtáoḃ; ar mbeiṫ ḋaṁ muiniġineaċ asaiḃ uile, gur ab é mo ġairdeaċasa, ḃur ngáirdeaċasa uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 2:3
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Créad dob’ áil liḃ? An le slait ṫiocfad? nó le gráḋ, agus le spiorad caoiṁnis?


Agus leis an dóċas so ba ṁian liom teaċt ċugaiḃ roiṁe seo, ċum go ḃfaiġeaḋ siḃ breis áṫais; agus imṫeaċt uaiḃ isteaċ san Maiceadóin,


Agus éiliġim Dia mar ḟiaḋnaiḋe ar m’anam, gur ar ṁaiṫe liḃ‐se naċ dtainig mé arís go Coirinnt.


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


D’á ḃriġ sin atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo, agus mé as láṫair, fá mar ṫug an Tiġearna uġdarás ċum leasuiġṫe, agus ní ċum leagṫa ḋom.


Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.


D’á ḃíṫin sin, má scríoḃas féin ċugaiḃ, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’ḟulaing í, aċt ċum go mbéaḋ ḃur ndíoġrais ’n‐ár dtaoḃ‐na soiléir i ḃfiaḋnaise Dé.


Atá áṫas orm gur féidir liom muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ ar gaċ sliġe.


Aċt Dia, do‐ḃeir sólás do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, ṫug sé sólás dúinn le teaċt Títuis;


Óir bíoḋ gur ċuireas doilġeas oraiḃ lem’ litir, ní truaġ liom é, giḋ go raiḃ truaġ orm; mar is léir dom gur ċuir an litir sin cuṁa oraiḃ, giḋ nár ċuir aċt ar feaḋ tamaill.


Agus atáimíd ag cur ár mbráṫar i n‐éinḟeaċt leo, fear atá dearḃṫa go minic againn ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ’n‐a lán neiṫe, agus ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ná sin anois, mar ġeall ar an muiniġin ṁóir atá aige asaiḃ‐se.


Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin.


Agus atá muiniġin againn as an Tiġearna ’n‐ḃur dtaoḃ, go ḃfuil siḃ ag déanaṁ na neiṫe órduiġmíd, agus go ndéanfaiḋ siḃ iad.


Toisc muiniġin ḃeiṫ agam as d’uṁlaċt is eaḋ atáim ag scríoḃaḋ ċugat, agus a ḟios agam go ndéanfair ṫar mar deirim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ