Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 13:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír bí lúaṫġáir oruinn, an tan ḃímid féin éugcruáiḋ, agus siḃse láidir: agus íarrmuid so daṫċuinġe ar Ḋía mar an gcéudna, eaḋon siḃse do ḃeiṫ doingṁálta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 13:9
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe.


Anois, a ḃráiṫre, aṫċuiniġim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ḃeiṫ ar aon ḟocal eadraiḃ uile, gan deaġailt ḃeiṫ eadraiḃ; aċt siḃ ḃeiṫ i gcóṁaontaċas le ċéile, ar aon intinn agus ar aon ċéill.


Agus do ḃíos i n‐éinḟeaċt liḃ i laige, agus i n‐eagla, agus i gcrioṫnú mór.


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


Má ċaiṫfead maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, is as neiṫiḃ ḃaineas lem’ laige ṁaoiḋfead.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Óir má’s fíor gur céasaḋ é tré laige, maireann sé beo tré ċuṁaċt Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinḟeaċt leis, aċt mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis de ḃárr cuṁaċta Dé ’n‐ḃur dtaoḃ.


Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.


ċum go mbéiḋ an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aġaiḋ gaċ deaġ‐ġníṁ.


go cóṁċruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ġein, go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé, breiṫeaṁ an uile ḋuine, agus ċum spioraidí na ḃfíréan diongḃálta,


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


Uime sin fágaimís céad‐riaġlaċa bun‐teagaisc Ċríost ’n‐ár ndiaiḋ, agus téiġmís ar aġaiḋ ċum lán‐ḟoirḃṫeaċta; gan ḃeiṫ arís ag leagaḋ buin aiṫreaċais ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa, agus creidiṁ i nDia,


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ