Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 13:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Anois aṫċuinġim ar Ḋia naċ ndéanfaiḋ siḃ olc ar biṫ; ní h‐é ċum go measfaiḋe sinn ḃeiṫ ionṁolta, aċt le fonn go ndéanfaiḋ siḃ‐se an ċóir, agus go measfaiḋe sinne ḃeiṫ iondamanta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus íarruim daṫċuinġe ar Ḋía gan siḃse do ḋéanaṁ uile ar biṫ; ní ċum go measfuiḋe sinne do ḃeiṫ dearḃṫa, aċd ċum siḃse do ḋéunaṁ neiṫe iomċuḃaiḋ, bíoḋ go mbeimísne éidearḃṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 13:7
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc.


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoġal, aċt iad do ċosaint ar an olc.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Ná cúitiġiḋ an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar biṫ. Loirgiḋ na neiṫe atá uasal i ḃfiaḋnaise an uile ḋuine.


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa.


Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.


Óir, is é adeirid, Bíonn a litreaċa tréan, borb, aċt ní mór le ráḋ a ṗearsa agus é i láṫair, agus bíonn a ċainnt gan éifeaċt.


Óir ní h‐é an té ṁolas é féin atá ionṁolta, aċt an té go molann an Tiġearna é.


Aċt atá súil againn go dtuigfiḋ siḃ naċ daoine iondamanta sinne.


Óir ní féidir linn éinniḋ do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ na fírinne, aċt ar son na fírinne.


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


aċt cruṫaimís gur seirḃísiġ Dé sinn, i ḃfoiġid ṁóir,


óir is mian linn gaċ niḋ do ḋéanaṁ go h‐onóraċ, ní h‐é aṁáin i ḃfiaḋnaise Dé, aċt i ḃfiaḋnaise na ndaoine.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.


Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost.


ar son riġṫe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; ċum go gcaiṫfimíd saoġal suaiṁneasaċ, síoṫċánta, i ngaċ cráḃaḋ agus i ngaċ cneastaċt.


Déan do ḋíċeall ċum ṫú féin do ṫaisbeáint mar ḟear ionṁolta i ḃfiaḋnaise Dé mar oibriḋe naċ gáḃaḋ ḋó ḃeiṫ fá náire, ag riaraḋ briaṫair Dé le díreaċas.


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ