Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 13:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Feuċuiḋ siḃ féin, an ḃfuil siḃ sa gcreideaṁ; cúartuiġe siḃ féin. A né naċ feasaċ siḃ oruiḃ féín, go ḃfuil Iósa Criosd ionnuiḃ, aċd muna dáoine éidearḃṫa siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 13:5
50 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Fanaiḋ ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. Fá mar naċ ḃféadann an ċraoḃ toraḋ do ṫaḃairt uaiṫi féin muna ḃfanann sí ar an ḃfíneaṁain; ní ḟéadann siḃ‐se, aċt an oiread, muna ḃfanann siḃ ionnam‐se.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


G‐á ṫriail aduḃairt sé sin: óir do ḃí a ḟios aige féin créad do‐ġéanaḋ sé.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Agus má tá Críost ionnaiḃ, atá an ċolann marḃ de ḃárr an ṗeacaiḋ; aċt is beaṫa an spiorad tré ḟíréantaċt.


Scrúduiġeaḋ duine é féin, agus iṫeaḋ sé an t‐arán agus ólaḋ sé an cupán d’á réir sin.


Aċt dá dtugaimís breiṫeaṁnas mar ba ċeart orainn féin, ní tiuḃarṫaí breiṫeaṁnas orainn.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?


Naċ eol daoiḃ gur baill do Ċríost ḃur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Ċríost ċum baill méirdriġe do ḋéanaṁ ḋíoḃ? Nár leigiḋ Dia é.


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Naċ eol daoiḃ gur ab iad na naoiṁ do‐ḃéarfas breiṫeaṁnas ar an saoġal? Agus má’s fá n‐ḃur mbreiṫeaṁnas‐sa ṫiocfas an saoġal, naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ na neiṫe is suaraiġe do ḃreaṫnú?


Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.


áċt buailim mo ċolann féin, agus cuirim fá smaċt í, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go ndiúltóċaiḋe ḋom féin, ṫar a éis dom ḃeiṫ ag seanmóiriú do ḋaoiniḃ eile.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


A ċlann ḃeag, go ḃfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐ḃur dtaoḃ nó go ngeintear Críost ionnaiḃ,


Aċt scrúduiġeaḋ gaċ duine a ġnó féin, agus annsin béiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais ’n‐a ṫaoḃ féin aige, ní i dtaoḃ an duine ṫallé.


ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


gan greim do ċoiṁeád ar an gCeann, ó n‐a méaduiġeann an corp uile le fás ó Ḋia, agus é d’á ċoṫú agus d’á ṡnaiḋmeaḋ le ċéile le h‐altaiḃ agus le lúiṫeaċaiḃ.


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


Aċt ċeana tiocfaiḋ sí slán tré iomċar clainne, aċt go leanann siad de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, agus de’n naoṁaċt, le macántaċt.


Agus fá mar ċuir Iannes agus Iambrés i n‐aġaiḋ Ṁaoise, mar sin is eaḋ atá na fir sin ag cur i n‐aġaiḋ na fírinne; fir go ḃfuil a n‐aigne truailliġṫe, agus iad ar mearḃall i dtaoḃ an ċreidiṁ.


Fiaḋnaise ḟíor is eaḋ í seo. D’á ḃriġ sin aiṫḃear go géar iad, ċum go mbéiḋ creideaṁ folláin aca,


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne:


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


aċt má ḃeireann sé driseaċ agus feoċadáin, baintear deireaḋ dúile ḋe; tá sé i mbaoġal a ṁalluiġṫe, agus is é a ḋeireaḋ a loscaḋ.


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


Seasuiġiḋ ’n‐a aġaiḋ‐sean go daingean, creidṁeaċ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil an céasaḋ céadna d’á ċur ar ḃur mbráiṫriḃ atá san saoġal.


Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ