Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 12:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus aduḃairt sé liom, Is leor duit mo ġrása: óir is i laige noċtar mo ċuṁaċt‐sa. Uime sin is móide ḋéanfad mórtas as mo laige, ċum go mbéiḋ cumas Ċríost mar ḋídean orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 12:9
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.


Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Agus do ḃíos i n‐éinḟeaċt liḃ i laige, agus i n‐eagla, agus i gcrioṫnú mór.


ċum, naċ ar ġliocas daonna, aċt ar ċuṁaċt Dé, do ṡeasfaḋ ḃur gcreideaṁ.


Má ċaiṫfead maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, is as neiṫiḃ ḃaineas lem’ laige ṁaoiḋfead.


Caiṫfiḋ mé maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, giḋ naċ ḃfuil sé tairḃeaċ; aċt tiocfad go dtí aislingí agus taiḋḃriḋṫe ó’n Tiġearna.


D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.


Agus is le fonn ċaiṫfead‐sa mo ċuid airgid, agus béiḋead dom’ ċaiṫeaṁ féin mar ṁaiṫe le n‐ḃur n‐anmannaiḃ. Dá ṁéid é mo ġráḋ ḋaoiḃ, an aṁlaiḋ an luġa‐de ḃur ngráḋ ḋaṁ‐sa é?


Déanfad maoiḋṁeaċas as a leiṫéid sin, aċt ní ḋéanfad maoiḋṁeaċas asam féin, munab as mo laigeaċtaiḃ é.


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


siḃ daingniġṫe le gaċ neart tré ċuṁaċt a ġlóire, nó go raiḃ siḃ lán‐ḟoiḋneaċ, fad‐ḟulaingeaċ le h‐áṫas;


agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.


do ṁúċ neart teineaḋ, d’éaluiġ slán ó ḃéal claiḋiṁ, d’éiriġ bríoġṁar as lár a laige, d’éiriġ croḋa i gcaṫ, do ċuir an ruaig ar ṡluaiġtiḃ na n‐eaċtrann.


D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ