Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 12:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Is aiṫnid dom fear i gCríost, ceiṫre bliaḋna ó ṡoin (cia aca san ċolainn, ní ḟeádar; nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios); a leiṫéid sin d’ḟear do fuaduiġeaḋ suas ċóṁ fada leis an treas flaiṫeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 As aiṫniḋ ḋaṁ neaċ a Gcríosd ós cionn ċeiṫre mblíaḋan déug ó ṡin, (más ann sa gcoluinn, ní eadar; nó as an gcoluinn, ní eadar: atá a ḟios ag Día;) noċ do fúaduiġeaḋ súas gus an treas neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 12:2
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫarla, nuair do ḃí sé g‐á mbeannaċaḋ, gur scar sé leo, agus gur tógaḋ suas é ins na flaiṫeasaiḃ.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


agus do ṫeiċeadar go caṫraċaiḃ Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúṫaiġ mágcuairt:


Agus ṫárla, nuair d’ḟilleas go h‐Iarúsalem, agus go raḃas ag guiḋe san teampall, go dtáinig táiṁnéall orm,


Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa.


Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost,


Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa.


Beannuiġiḋ d’Urbán, ár gcóṁ‐ṡaoṫraiḋe i gCríost, agus do Staċus, cara ionṁain liom.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Cad ċuige? Toisc gan gráḋ ḃeiṫ agam daoiḃ‐se? Is ag Dia atá a ḟios sin.


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Agus do ḃíos gan aiṫne súl ḃeiṫ ag eaglaisiḃ Iúdaea do ḃí i gCríost orm:


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


An té do ċuaiḋ síos, is eisean, leis, do ċuaiḋ suas i n‐áirde i ḃfad os cionn na ḃflaiṫeas, ċum go líonfaḋ sé gaċ uile niḋ).


’n‐a ḋiaiḋ sin tógfar sinne atá fágṫa beo i n‐éinḟeaċt leo ins na néalltaiḃ ċum dul i ndáil an Tiġearna san spéir: agus béiḋmíd mar sin go síorraiḋe i ḃfoċair an Tiġearna.


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Do ḃíos fá anáil an Spioraid lá an Tiġearna, agus do ċualas an glór taoḃ ṫiar díom, mar ḃéaḋ glór stuic,


Agus rug sí leanḃ fir go raiḃ sé i ndán dó na ciniḋeaċa uile do riaġlú le slait iarainn: agus do tógaḋ a leanḃ suas ċum Dé, agus ċum a riġ‐ċaṫaoireaċ.


Agus ar an láṫair do ḃíos san Spiorad: agus féaċ, do ḃí riġ‐ċaṫaoir suiḋte ar neaṁ, agus an duine ’n‐a ṡuiḋe ins an riġ‐ċaṫaoir;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ