Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 12:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Atáim míċeilliḋe ré déunaṁ mórḋála; is siḃse do ċóiṁéigniḋ mé: oír bá cóir ḋaṁ mo ṁolaḋ uáiḃse: óir ní raiḃ mé a gcáil ar biṫ fáoi an luċd dob áirde do na habsdaluiḃ, bíoḋ naċ ḃfuil éifeaċd ionnam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 12:11
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar sin daoiḃ féin, nuair ḃéas gaċ ar h‐órduiġeaḋ ḋaoiḃ déanta agaiḃ, abraiḋ, Seirḃísiġ neaṁ‐ḟoġanta sinne; do‐rinneamar an níḋ ba ḋual dúinn do ḋéanaṁ.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Óir is liḃ‐se an uile niḋ; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoġal, nó beaṫa, nó bás, nó neiṫe atá de láṫair, nó neiṫe atá le teaċt; is liḃ‐se iad uile;


Agus má’s buaiḋirt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta agus ḃur slánuiġṫe é; nó má’s cóṁḟorṫaċt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta é, ag oibriú ionnaiḃ, agus siḃ go foiġdeaċ ag fulang na bpianta céadna ḟulaingmid‐ne:


Ba ṁian liom go ḃféadfaḋ siḃ beagán diṫ‐céille d’ḟulang uaim: aċt ċeana atá siḃ ag fulang liom.


Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa.


Do rinneaḋ cóṁarṫaí abstail ’n‐ḃur measc le mór‐ḟoiġid, le míorḃailtiḃ, le h‐iongantaisiḃ agus le mór‐ċuṁaċtaiḃ.


Óir dá mba ṁian liom maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, ní ḃéiḋead díṫ‐ċéilliḋe; óir déarfad an ḟírinne: aċt staonaim uaiḋ, ar eagla go mbéaḋ meas ag aon duine orm ṫar a ḃfeiceann sé ḃeiṫ ionnam, nó ṫar a gcluineann sé uaim.


An ag tosnú arís ar ár molaḋ féin atáimíd? nó an ḃfuil gaḃaḋ againn le litreaċaiḃ molta ċugaiḃ nó uaiḃ, mar tá ag daoiniḃ áiriṫe?


Óir má táimíd ar easbaiḋ céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar ḃur son‐sa é.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ