Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 12:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Caiṫfiḋ mé maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, giḋ naċ ḃfuil sé tairḃeaċ; aċt tiocfad go dtí aislingí agus taiḋḃriḋṫe ó’n Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Go deiṁin ní hiomċuḃaiḋ ḋáṁsa mórḋáil do ḋéanaṁ. Oir tiucfuiḋ mé ċum taiḃreaḋ agus taisbéunaḋ an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 12:1
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é.


Agus ba é Cáiafas an té ṫug de ċóṁairle do na h‐Iúdaċaiḃ, go n‐oirfeaḋ bás duine aṁáin do’n ṗobal.


Agus aduḃairt an Tiġearna le Pól i n‐aisling na h‐oiḋċe, Ná bíoḋ eagla ort, aċt laḃair gan do ḃéal do ċosc:


Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.


Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ tairḃeaċ. Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ fóġantaċ.


Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?


Atá gaċ uile niḋ dlisteanaċ dom, aċt ní ḟuil gaċ uile niḋ tairḃeaċ: atá gaċ uile niḋ dlisteanaċ dom, aċt ní cuirfear mé fá smaċt aon niḋ ḋíoḃ.


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


Déanfad maoiḋṁeaċas as a leiṫéid sin, aċt ní ḋéanfad maoiḋṁeaċas asam féin, munab as mo laigeaċtaiḃ é.


Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.


agus aduḃairt sé liom, Is leor duit mo ġrása: óir is i laige noċtar mo ċuṁaċt‐sa. Uime sin is móide ḋéanfad mórtas as mo laige, ċum go mbéiḋ cumas Ċríost mar ḋídean orm.


Is é an tuairim atá agam san gcás so, gur ceart daoiḃ‐se ba ṫúisce do ṫosnuiġ, atá bliaḋain ó ṡoin, ní h‐é aṁáin ar rud do ḋéanaṁ, aċt ar ḃeiṫ toilteanaċ ċuige, leis.


Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr,


Óir adeirimíd do réir briaṫar an Tiġearna, sinne atá beo, atá fágṫa go teaċt an Tiġearna, naċ mbéiḋ tosaċ againn ar an dream ċodlas.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ