Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 11:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 11:3
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Óir má ċuireann duine fá ḋaoirse siḃ, má ċreaċann sé siḃ, má ṁeallann sé siḃ, má éiriġeann sé uaiḃreaċ, má ḃuaileann sé san éadan siḃ, fulaingeann siḃ leis.


Cia h‐é atá lag gan mise ḃeiṫ lag? Cia h‐é go mbaintear tusleaḋ as, agus naċ mbím dom’ loscaḋ?


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile;


agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse:


A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl?


Atá siḃ ag cur eagla orm, gur féidir gur saoṫar gan éifeaċt atá déanta agam ar ḃur son.


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


Maidir le n‐ḃur saoġal roiṁe seo, cuiriḋ ḋíḃ an seanduine atá d’á ṫruailliú ag ainṁiantaiḃ na ceilge,


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.


Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:


D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.


D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,


Agus níorḃ é Áḋaṁ do meallaḋ, aċt do meallaḋ an ḃean, gur éiriġ sí cionntaċ i bpeacaḋ.


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


Óir is iomḋa duine míriaġalta atá ann, luċt baoṫ‐ġlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timċeall‐ġearrṫa go h‐áiriṫe,


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


A ċlann ḃeag, atá an uair ḋeiriḋ ann: agus mar ċualaḃar go ḃfuil ainċríost le teaċt, atá á lán ainċríost ann ċeana féin; air so aiṫniġmíḋ go ḃfuil an uair ḋeiriḋ ann.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Agus do ċaiṫ an naṫair niṁe uisce mar aḃainn amaċ as a ḃéal i ndiaiḋ na mná, ċum go scuabfaḋ sí ċum siuḃail í leis an sruṫ.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ