Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 11:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Cia h‐é atá lag gan mise ḃeiṫ lag? Cia h‐é go mbaintear tusleaḋ as, agus naċ mbím dom’ loscaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Cía ḃíos lag, agus naċ mbímse lag? cía ġeiḃ oilḃéim, agus naċ mbímse dom losgaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 11:29
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa.


Do ċuiṁniġ a ḋeisceabail ar a raiḃ scríoḃṫa, Sloigfiḋ díoġrais dod’ ṫiġ mé.


Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.


Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anḃfainne na ndaoine atá lag, gan ḃeiṫ ag lorg ár n‐aoiḃneasa féin.


An aṁlaiḋ naċ ḃfuil tiġṫe agaiḃ ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól ionnta? nó an aṁlaiḋ atá droċ‐ṁeas agaiḃ ar eaglais Dé, go náiriġeann siḃ iad‐san atá gan éinniḋ? Créad adéarfas mé liḃ? an aṁlaiḋ ṁolfas mé siḃ? ní ṁolaim san gcás so siḃ.


Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.


A ḋuine ḋiṫ‐céilliḋe, an síol ċuireas tú féin, ní beoḋuiġtear é muna n‐éagann sé:


D’á ḃriġ sin, má ḃeir biaḋ aḋḃar scannail dom’ ḃráṫair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuisliḋ roiṁ mo ḃráṫair.


Aċt taḃraiḋ do ḃur n‐aire naċ mbéaḋ an tsaoirse sin agaiḃ ’n‐a ceap tuisliḋ do’n dream atá lag.


Do na daoiniḃ atá lag do ḃíos mar ḋuine lag, ċum go mbuaiḋfinn an luċt lag: do ḃíos san uile ċruṫ do’n uile ḋuine, ċum go saorfainn cuid aca ar ċuma ar biṫ.


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


Aċt nuair ċonnacas naċ raḃadar ág siuḃal go díreaċ do réir fírinne an tsoiscéil, aduḃras le Céfas ’n‐a ḃfiaḋnaise uile, Má ċaiṫeann tusa do ṡaoġal, agus gur Iúdaċ ṫú, ar nós na gCineaḋaċ, ní h‐é ar nós na nIúdaċ, cad ċuige ḋuit a ċur d’ḟiaċaiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ a saoġal do ċaiṫeaṁ ar nós na nIúdaċ?


Tógaiḋ trom‐ualaiġe a ċéile, ag cóiṁlíonaḋ dliġe Ċríost mar sin.


Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ