Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 11:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 An minisdrí do Ċríosd íad? (laḃruim mar ḋuine miċéilliḋe) atáim ós a gcrionn sa ċáil sin, níos líonṁuire a sáoṫruiḃ, a mbuilleaḋuiḃ níos ro ṁó, a bpríosúnuiḃ níos mionca, a ngúas ḃáis go minic.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 11:23
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Agus ag teaċt ċugainn dó, agus ag tógáil creasa Ṗóil, do ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus aduḃairt, Is é adeir an Spiorad Naoṁ, Ar an gcuma so, is eaḋ ċeanglóċas na h‐Iúdaiġ i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐ḃéarfaiḋ siad ar láṁaiḃ do na Cineaḋaċaiḃ é.


Agus mar d’ḟanadar annsin mórán laeṫe, d’innis Féstus cúis Ṗóil do’n rí, g‐á ráḋ, Atá fear annso d’ḟág Féilics ’n‐a ṗríosúnaċ:


Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.


Agus ar ṡroiċint na Róiṁe ḋúinn, tugaḋ cead do Ṗól fanaṁain leis féin i n‐éinḟeaċt leis an saiġdiúir do ḃí mar ġárda air.


Agus ar feaḋ ḋá ḃliaḋan iomlán d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ’n‐a ṫiġ féin. Agus do ġlac sé ċuige gaċ duine do ṫagaḋ isteaċ ċuige,


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é.


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnoċt, agus tugtar droċ‐íde orainn, agus ní ḟuil aon ċóṁnaiḋe ḃuan againn;


Óir saṁluiġtear dom go ndearna Dia sampla dínne abstail mar ḋream is úirísle ar biṫ, mar ḋaoine atá daorṫa ċum báis; óir atáimíd ’n‐ár sampla poibliḋe i ḃfiaḋnaise na n‐aingeal agus na ndaoine.


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa.


is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa.


Óir sinne atá beo bímíd de ṡíor d’ár gcur ċum báis ar son Íosa, ċum go raiḃ beaṫa Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐ṁarḃṫa, leis.


aċt mar ḋaoine fíora; mar ḋaoine naċ n‐aiṫniġtear, aċt aiṫniġtear ’n‐a aiṁḋeoin sin; mar ḋaoine atá ag saoṫrú an ḃáis, agus, féaċ, atáimíd beo; mar ḋaoine curtar fá smaċt, gan ḃeiṫ marḃṫa;


As so amaċ ná cuireaḋ aoinneaċ caṫú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo ċorp.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost:


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ