Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 11:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’á ḃriġ sin, ní h‐aon rud mór a ṡeirḃísiġ ḃeiṫ g‐á n‐aistriú féin i gcló seirḃíseaċ fíréantaċta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníoṁarṫa ḃéas a gcríoċ ḋéiḋeannaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a ṁinisdrí íad féin mar an gcéudna a ḃfoirm minisdriḋe na firéantaċda; agá mbiáiḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ do réir a noibreaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 11:15
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aduḃairt sé, A ḋuine atá lan de gaċ ceilg agus de gaċ feall, a ṁic an diaḃail, a náṁaid gaċ cirt, naċ staonfaiḋ tú ó ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn?


ḃearfas do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa:


Agus cad ċuige ḋúinn gan an t‐olc do ḋéanaṁ ċum go dtiocfaḋ maiṫ as? (mar adeirtear go masluiġṫeaċ ’n‐ár dtaoḃ, daoine áiriṫe g‐á ráḋ go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do ċionntú.


Má tá neiṫe spioradálta síol‐ċurṫa againn daoiḃ‐se, an niḋ mór é má ḃainimíd‐ne foġṁar saoġalta uaiḃ?


Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost.


An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.


Óir má tá miniostrálaċt an damnuiġṫe glórṁar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálaċt na fíréantaċta glórṁar.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó.


Atá aingeal an duiḃeagáin mar riġ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEaḃrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ