Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 10:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 An do réir a ḃfaicseana ṁeasas siḃ neiṫe? Má atá dóṫċas ag áoinneaċ as féin gur lé Críosd é, smuáineaḋ sé so a rís úaḋ féin, aṁuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 10:7
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,


Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Ná beiriḋ breiṫ de réir na súile, aċt beiriḋ breiṫ ċeart.


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.


Aċt gaċ duine ’n‐a ṡeal féin: Críost mar ċéadtoraḋ; ’n‐a ḋiaiḋ sin na daoine is le Críost, nuair ṫiocfas sé.


agus is le Críost siḃ‐se; agus is le Dia Críost.


Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


Ó ṫárla a lán ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ do réir na colna, maoiḋfead‐sa mar an gcéadna.


An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.


Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean?


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


ó tá siḃ ag iarraiḋ a ċruṫú gur ab é Críost atá ag laḃairt ionnam; an té naċ ḃfuil lag ’n‐ḃur dtaoḃ, aċt atá cuṁaċtaċ ’n‐ḃur measc.


Ní ḟuilmíd g‐ár molaḋ féin arís daoiḃ, aċt atáimíd ag taḃairt faille ḋaoiḃ ḃeiṫ gár molaḋ, ċum go mbéiḋ freagra agaiḃ do’n dream do‐ġní bród do réir deallraiṁ, ní do réir croiḋe.


Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.


Is daoine de ċlainn Dé sinne: an té go ḃfuil aiṫne aige ar Ḋia éisteann sé linn; an té naċ ḃfuil ó Ḋia ní éisteann sé linn. Air so is eaḋ aiṫniġmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseaċráin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ