Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 1:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 aṁail mar ċuir siḃ a ḃeag nó a ṁór d’aiṫne orainn, gur sinne aḋḃar ḃur maoiḋṁeaċais, fá mar is siḃ‐se aḋḃar ár maoiḋṁeaċais i ló ár dTiġearna Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aṁuil do adṁuiġ siḃ a gcáíl, gur sinne ḃur ngáirdeaċas, mar as siḃse ar ngáirdeaċaisne a ló an Tiġearna Iósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 1:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


I dtosaċ scéil nuair ṫagas siḃ le ċéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraiḃ; agus creidim féin go ḃfuil cuid de’n ḟírinne ann.


Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá.


Aċt má ṫáinig doilġeas de ċionn duine ar biṫ, ní h‐orm‐sa ṫáinig sé, aċt ṫáinig cuid de (gan luiġe ro‐ṫrom) oraiḃ go léir.


Ní ḟuilmíd g‐ár molaḋ féin arís daoiḃ, aċt atáimíd ag taḃairt faille ḋaoiḃ ḃeiṫ gár molaḋ, ċum go mbéiḋ freagra agaiḃ do’n dream do‐ġní bród do réir deallraiṁ, ní do réir croiḋe.


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


agus ċum ḃur n‐áṫais san gcreideaṁ; ċum gur méadú meanman daoiḃ i nÍosa Críost mo ṫeaċt ’n‐ḃur láṫair arís.


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


ag noċtaḋ briaṫair na beaṫaḋ, ċum go mbéiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais agam i ló Ċríost, de ċionn nár riṫeas agus nár ṡaoṫruiġeas i n‐aisce.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ