Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 1:12
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.


Adeirim an ḟírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo ċoinsias ag déanaṁ fiaḋnaise ḋom tríd an Spiorad Naoṁ,


Óir ní ċum baiste do ḋéanaṁ do ċuir Críost uaiḋ mé, aċt ċum an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaiḋe neaṁniḋ de ċrois Ċríost.


Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Is ar na neiṫiḃ sin laḃraimíd, ní i mbriaṫraiḃ ṁúineas eagna ḋaonna, aċt an méid ṁúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neiṫe spioradálta le neiṫiḃ spioradálta.


Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.


Sollaṁnuiġmís an ḟéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laiḃín, ná le laiḃín na mailíse agus na cuirpṫeaċta, aċt le h‐arán gan laiḃín, arán an ionnracais agus na fírinne.


Nuair do ḃíos ar an intinn sin, an raḃas corraċ? nó an ċóṁairle ar a gcinnim, an do réir na colna ċinnim uirṫi, ar ṁoḋ go mbeaḋ an ’seaḋ agus an ní h‐eaḋ im’ ḃéal agam i n‐éinḟeaċt.


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Ní abraim é seo ċum órdú do ṫaḃairt aċt mar ḋúil is go ḃféaċfainn an ḃfuil siḃ dá ríriḃ ’n‐ḃur ngráḋ tré ḋúṫraċt na ndaoine eile.


Aċt scrúduiġeaḋ gaċ duine a ġnó féin, agus annsin béiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais ’n‐a ṫaoḃ féin aige, ní i dtaoḃ an duine ṫallé.


Seasaiḋ d’á ḃriġ sin, agus an ḟírinne mar ċrios timċeall ḃur gcuim, lúireaċ na fíréantaċta oraiḃ,


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


Is fiaḋnaiḋṫe siḃ‐se, agus is fiaḋnaiḋe Dia, leis, ar a naoṁṫaċt, agus ar a ionnraice, agus ar a neaṁ‐loċtaiġe d’iomċaramar sinn féin ’n‐ḃur dtaoḃ‐na ċreideas:


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe.


Aċt is móide do‐ḃeir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinniḃ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ