Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na gCoirinnteach 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Pol, absdal Iósa Críosd tré ṫoil Dé, agus an dearḃráṫair Timotéus, ċum eagluisi Dé noċ atá a Gcorintus, maille ris na huile náoṁuiḃ atá ar feaḋ na Haċaía:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na gCoirinnteach 1:1
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


aċt eaglaisí na gCineaḋaċ go léir: agus beannuiġiḋ do’n eaglais atá ’n‐a dtiġ. Beannuiġiḋ d’Epénatus, mo ċara ionṁain, céad‐ṫoraḋ na h‐Áise do Ċríost.


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


Má ṫagann Timótéus, féaċ ċuige go mbéiḋ sé gan eagla ’n‐ḃur ḃfoċair: óir atá sé ag déanaṁ oibre an Tiġearna,


Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,


Go raiḃ mo ġráḋ‐sa agaiḃ go léir i nÍosa Críost. Amén.


Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


Agus éiliġim Dia mar ḟiaḋnaiḋe ar m’anam, gur ar ṁaiṫe liḃ‐se naċ dtainig mé arís go Coirinnt.


Mar tá fírinne Ċríost ionnam, ní ċuirfiḋ aon duine stad liom san aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam i gcríoċaiḃ Aċáia.


óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.


Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost:


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia ár nAṫair agus san Tiġearna Íosa Críost:


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


Pól, príosúnaċ ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráṫair, ċum Filéamóin, cara ionṁain agus cóṁ‐oibriḋe linn,


Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur scaoileaḋ saor ár mbráṫair Timóteus; má ṫagann sé go luaṫ, ċifead mar aon leisean siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ