Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 3:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus atá muiniġin againn as an Tiġearna ’n‐ḃur dtaoḃ, go ḃfuil siḃ ag déanaṁ na neiṫe órduiġmíd, agus go ndéanfaiḋ siḃ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus atá muiniġin aguinn sa Dtíġearna ḃur dtáoḃsa, go udéunann agus go ndéunfá siḃ na neiṫe áiṫniġmid díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 3:4
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí,


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.


Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.


Agus atáimíd ag cur ár mbráṫar i n‐éinḟeaċt leo, fear atá dearḃṫa go minic againn ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ’n‐a lán neiṫe, agus ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ná sin anois, mar ġeall ar an muiniġin ṁóir atá aige asaiḃ‐se.


Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin.


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


agus go deiṁin, is é sin an rud atá d’á ḋéanaṁ agaiḃ i dtaoḃ na mbráṫar uile atá san Maiceadóin ar fad. Aċt impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, dul ar aġaiḋ níos dúṫraċtaiġe ’ná ariaṁ:


Anois órduiġmíd d’á leiṫéidiḃ sin, agus spreagaimíd tríd an Tiġearna Íosa iad, saoṫrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’iṫe.


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


Toisc muiniġin ḃeiṫ agam as d’uṁlaċt is eaḋ atáim ag scríoḃaḋ ċugat, agus a ḟios agam go ndéanfair ṫar mar deirim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ