Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus má atá duine ar biṫ naċ dtaḃair úṁlaċd dár mbréiṫirne sa neipisdilse, cuiriḋ cóṁarṫa air, agus seaċnuiḋ a ċoṁlúadar, ionnus go mbíaḋ aḋnáire air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 3:14
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Ní ċum náire do ċur oraiḃ scríoḃaim na neiṫe seo, aċt ċum teagasc do ṫaḃairt daoiḃ, mar ċlann ionṁain liom.


Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.


Do scríoḃas ċugaiḃ im’ litir gan baint ḃeiṫ agaiḃ le luċt striapaċais;


agus bímíd ullaṁ ċun díoġaltas d’imirt ar gaċ easuṁlaċt, ċóṁ luaṫ is ḃíos siḃ‐se ag uṁlú go h‐iomlán.


Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.


Agus is mó ’ná sin toil a ċroiḋe‐sean daoiḃ‐se, ag cuiṁneaṁ ḋó ar uṁlaiḋeaċt gaċ duine agaiḃ, mar d’ḟáiltiġ siḃ roiṁe le h‐eagla agus le crioṫnú.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


Agus nuair ḃéas an eipistil seo léiġte ’n‐ḃur measc féin daoiḃ, cuiriḋ d’á léiġeaṁ í i n‐eaglais na Laodiciaċ leis; agus léiġiḋ‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna.


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


ar ṁoḋ go gcuirfear náire ar an trasnálaiḋe, gan droċ‐ḟocal ḃeiṫ fágṫa aige le ráḋ ’n‐ár dtaoḃ.


Duine ḟanas ’n‐a eiriceaċ tar éis an ċéad agus an dara spreagṫa, seaċain é;


Toisc muiniġin ḃeiṫ agam as d’uṁlaċt is eaḋ atáim ag scríoḃaḋ ċugat, agus a ḟios agam go ndéanfair ṫar mar deirim.


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ