Agus nuair ḃéas gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, annsin is eaḋ ḃéas an Mac féin fá ċeannas an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, ar ṁoḋ go mbéiḋ Dia ’n‐a uile niḋ do ċáċ.
I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.
agus atá dearmad déanta agaiḃ ar an spreagaḋ tugaḋ ḋaoiḃ mar ḃéaḋ do ċlann‐ṁac, A ṁic, ná déan neaṁ‐ṡuim de smaċt an Tiġearna, Agus ná caill meisneaċ nuair ċeartuiġeas sé ṫú;