Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 2:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Annsin is eaḋ foillseoċar an duine míriaġalta go marḃóċaiḋ an Tiġearna Íosa le h‐anáil a ḃéil é, agus go scriosfaiḋ sé le n‐a ṫeaċt agus le n‐a ṫaiḋḃsiú é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus foillséoċṫar an tan sin an duine Neaṁḋíaġaḋsin, noċ ċlaóifeas an Tíġearna ré Sbiorad a ḃéil, agus sgriosfus sé ré déallraḋ a ṫeaċd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 2:8
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal;


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


agus do ṫoġ Dia neiṫe suaraċa an tsaoġail, agus na neiṫe atá fá ṫarcuisne, agus na neiṫe féin naċ ḃfuil ann, do ṫoġ Dia iad ċum na neiṫe atá ann do ċur ar neaṁniḋ:


Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús,


an aiṫne seo do ċoiṁeád gan smál, gan loċt go teaċt ár dTiġearna Íosa Críost:


aċt atá foillsiġṫe anois tré ṫaisbeánaḋ ár Slánuiġṫeora Íosa Críost, do ċuir an bás ar ceal, agus ṫug an ḃeaṫa agus an do‐ṁarḃṫaċt ċum solais tríd an soiscéal,


Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta;


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


aċt ag feiṫeaṁ fá ċriṫ‐eagla leis an mbreiṫeaṁnas, agus le teiniḋ ḟíoċṁair ṡloigfeas náiṁde Dé.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair.


ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.


Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air.


Agus do ḃí aige ’n‐a láiṁ ḋeis seaċt réaltana: agus do ḃí claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar ar síneaḋ as a ḃéal; agus do ḃí a ġnúis mar ḃéaḋ an ġrian ag lonnraḋ ’n‐a lán‐neart.


Agus tugaḋ béal dó ag laḃairt go mór‐ṁaoiḋteaċ, masluiġṫeaċ; agus tugaḋ de ċuṁaċt dó ḃeiṫ ag oibriú ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid.


Agus atá claiḋeaṁ géar ar síneaḋ as a ḃéal, ċum na ciniḋeaċa do ḃualaḋ leis, agus riaġlóċaiḋ sé le slait iarainn iad: agus satalóċaiḋ sé d’á ċois iomar fíona dian‐ḟeirge Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, nó tiocfad‐sa ċugat go luaṫ, agus troidfead ’n‐a h‐aġaiḋ le claiḋeaṁ mo ḃéil.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ