Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Furtaċd do ḃur gcroiḋṫiḃ, agus go ndaingniḋe sé siḃ sa nuile ḃréiṫir agus ḋeaġobair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 2:17
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir is mian liom go mór siḃ d’ḟeicsin, ionnas go roinnfinn tíoḋlacaḋ spioradálta éigin liḃ, ċum go neartóċar siḃ;


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


Agus an té ḋaingniġeas sinn i n‐éinḟeaċt liḃ‐se i gCríost, is é Dia é;


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ