Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Uime sin, a ḃráiṫre, seasuiġiḋ go daingean, agus congḃuiġiḋ gaċ ar múineaḋ ḋaoiḃ le briaṫar béil, nó le h‐eipistil uainne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Uime sin, a ḋearḃráiṫre, seasuiḋ go daingean, agus congṁuíḋ na toirḃearta fúaraḃair, noċ do múineaḋ ḋíḃ, tré ḃreiṫir, nó tré ar neipisdilne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 2:15
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.


impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair.


Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ