Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 1:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 An táḋḃar fá ndéunmuidne fós úrnuiġe do ṡíor ar ḃur sonsa, ionnus go measfaḋ ar Ndía gur fíu an ġairmse siḃ, agus go gcoiṁlíonfaḋ sé deaġṫoila ṁaiṫeasa go huiliḋe, agus obair an ċreidiṁ maille ré cúṁaċduiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 1:11
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do‐ḃeir an talaṁ toraḋ uaiḋ féin; an geaṁar ar dtús, an dias ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus annsin an t‐arḃar iomlán sa dís.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Óir atá Dia mar ḟiaḋnaiḋe agam, Dia d’á ndéanaim seirḃís im’ spiorad i soiscéal a Ṁic, go mbím gan stad g‐ḃur luaḋ,


Óir ní ṫéiġeann Dia siar ar a ḃronntanaisiḃ agus ar a ġairm.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ;


do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola,


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin.


atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son:


Ċuige sin is eaḋ do ġlaoḋ sé tré n‐ár soiscéal siḃ, ċum glóir ár dTiġearna Íosa Críost d’ḟáġáil.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é.


agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ