Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum na dTesaloníceach 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 nuair ṫiocfas sé ċum glóir d’ḟáġáil ’n‐a naoṁaiḃ, agus ċum ḃeiṫ mar aḋḃar iongantais ag luċt an ċreidiṁ an lá sin (ó creideaḋ ár ḃfiaḋnaise ḋaoiḃ).

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 An tan ṫiucfas se ċum glóire dfáġáil ann a náoṁuiḃ, agus ċum a ḋéunta iongantaċ sna huile ḋaóiniḃ ċreideas (do ḃríġ gur ċreideaḋ a nfíaḋnuisi do rinneamairne eadruiḃse) sa lá sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum na dTesaloníceach 1:10
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


Aċt i dtaoḃ an lae sin, agus i dtaoḃ na h‐uaire sin, ní ḟuil a ḟios ag aon duine, fiú aṁáin ag na h‐aingliḃ ar neaṁ, ná ag an Mac, aċt ag an Aṫair aṁáin.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Is iomḋa duine adéarfas liom an lá sin, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, naċ id’ ainm‐se dorinneamar fáiḋeadóireaċt, agus naċ id’ ainm‐se do ċaiṫeamar amaċ na deaṁain, agus naċ id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorḃail?


Adeirim‐se liḃ gur sócaṁlaiġe do Ṡodom, an lá sin, ’ná do’n ċaṫair sin.


Aċt nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé, Ní ċum báis an ḃreoiteaċt so, aċt ċum glóire Dé, ionnas go ḃfaiġeaḋ Mac Dé glóir d’á ḃárr.


agus is leat‐sa gaċ niḋ is liom‐sa: agus atáim glóiriġṫe ionnta.


do réir mar daingniġeaḋ fiaḋnaise Ċríost ionnaiḃ;


óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine.


agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.


ċum go mairfimís ċum clú a ġlóire, sinne ba luaiṫe do ċuir ár ndóċas i gCríost:


atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.


ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ,


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.


Óir is eol daoiḃ féin, a ḃráiṫre, nár ċuairt gan éifeaċt ár dteaċt isteaċ ċugaiḃ:


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


ċum go nglóiriġtear ainm an Tiġearna Íosa ionnaiḃ, agus go nglóiriġtear siḃ‐se ann, do réir grása ár nDé agus ár dṪiġearna Íosa Críost.


Aċt is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia go síor ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre ionṁain leis an Tiġearna, de ḃriġ gur ṫoġ Dia ó ṫosaċ siḃ ċum slánuiġṫe tré naoṁú an Spioraid, agus tré ċreideaṁ san ḃfírinne.


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ