Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 5:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Seasuiġiḋ ’n‐a aġaiḋ‐sean go daingean, creidṁeaċ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil an céasaḋ céadna d’á ċur ar ḃur mbráiṫriḃ atá san saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Cuiriḋse na aguiḋ ar mbeiṫ ḋíḃ láidir a gcreideaṁ, ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go gcoiṁlíontar na buáiḋearṫa céudna sa gcuid eile dá ḃur ndearḃraiṫriḃ atá sa tsáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 5:9
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.


agus ná taḃraiḋ sliġe do’n diaḃal. An té do rinne goid,


ṫar gaċ rud eile glacaiḋ sciaṫ an ċreidiṁ le n‐a ḃféadfaiḋ siḃ gaṫanna loiscneaċa uile an ainspioraid do ṁúċaḋ.


Óir, giḋ go ḃfuilim as láṫair san gcolainn, atáim ’n‐ḃur láṫair san spiorad, ag déanaṁ gáirdeaċais agus ag breaṫnú an eagair atá oraiḃ, agus ag breaṫnú seasṁaċta ḃur gcreidiṁ i gCríost.


ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn.


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


’Seaḋ, agus gaċ duine gur mian leis a ṡaoġal do ċaiṫeaṁ go cráiḃṫeaċ i nÍosa Críost, fulaingeoċaiḋ sé géirleanṁain.


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


daoine do ċlaoiḋ ríoġaċta tré ċreideaṁ, do rinne an ceart, fuair na geallaṁnaċa, do ḋún béal na leoṁan,


Aċt má ḃíonn siḃ saor ó smaċt, go ḃfaġann gaċ aoinneaċ a ċuid féin de, ní clann dlisteanaċ siḃ, aċt clann ḃastairt.


Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ.


Niḋ is eaḋ é do‐ḃeir aḋḃar gáirdeaċais daoiḃ, bíoḋ, má’s gáḃaḋ é, go ḃfuil atuirse ar feaḋ tamaill oraiḃ mar ġeall ar ċaṫuiġṫiḃ éagsaṁla;


Agus is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ: de ḃriġ gur ḟulaing Críost féin ar ḃur son, ag fágáil sompla agaiḃ, ċum go leanfaḋ siḃ a lorg.


Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ;


aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ