Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig carṫannaċta. Go raiḃ síoṫċáin agaiḃ‐se uile atá i gCríost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Teannuiḋ siḃ féin ré ċéile maille ré póig ċarṫannaċda. Síóṫċáin maille riḃ uile an ṁéid aguiḃ atá a Níosa Críosd. Amén.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 5:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus muna mbeannuiġeann siḃ aċt do ḃúr mbráiṫriḃ aṁáin, créad do‐ġní siḃ sa mbreis ar ċáċ? Naċ ndéanann na págánaiġ féin é sin?


Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


Agus oċt lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí a ḋeisceabail istiġ arís, agus Tomás ’n‐a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt, Síoṫċáin daoiḃ.


mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Beannuiġiḋ féin d’á ċéile le póig naoṁṫa. Beannuiġeann eaglaisí uile Ċríost daoiḃ.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Beannuiġeann na bráiṫre go léir daoiḃ. Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig naoṁṫa.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Síoṫċáin do na bráiṫriḃ, agus gráḋ le creideaṁ


Beannuiġiḋ do na bráiṫriḃ go léir le póig naoṁṫa.


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


aċt atá súil agam go ḃfeicfead gan ṁoill ṫú, agus laḃarfaimíd béal le béal le ċéile. Go raiḃ síoṫċáin leat. Beannuiġeann na cáirde ḋuit. Beannuiġ do na cáirdiḃ as a n‐ainmneaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ