Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 4:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus má’s ar éigean slánóċar an fíréan, cia an ċríoċ atá i n‐áiriṫe do’n duine neiṁ‐ḋiaḋa agus do’n ṗeacaċ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus más air éigin ṡáorṫar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neiṁḋíaġa agus an peacaċ é féin?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 4:18
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí na poibleacáin agus na peacaiġ uile ag teaċt ċuige ag éisteaċt leis.


Óir má ġníd na neiṫe seo san aḋmad úr, créad do‐ġéantar san aḋmad críon?


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


lem’ ais anoct, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṗóil; caiṫfiḋ tú seasaṁ i láṫair Ċéasair: agus féaċ, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort.


aduḃairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saiġdiúiriḃ, Muna ḃfanaiḋ siad‐san san luing, ní féidir ḋaoiḃ‐se dul slán.


Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;


Óir nuair ḃíomar i n‐ísle ḃriġe, fuair Críost bás i dtráṫ cóir ar son na neaṁ‐ḋiaḋa.


Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.


Uime sin, an té ṁeasas ḃeiṫ ’n‐a ṡeasaṁ, taḃraḋ sé aire ar eagla go dtuitfeaḋ sé.


agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Do ḋaoraḃar agus do ṁaraḃar an fíréan; ní ċuireann sé ’n‐ḃur gcoinniḃ.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


ċum breiṫeaṁnas do ḋéanaṁ ar ċáċ, agus ċum na daoine neiṁ‐ḋiaḋa do ḋaoraḋ i n‐éiric na ngníoṁarṫa neiṁ‐ḋiaḋa atá déanta go neiṁ‐ḋiaḋa aca, agus ar son na ḃfocal masluiġṫeaċ atá ráiḋte ag peacaċaiḃ neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a aġaiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ